Tá ciste speisialta bunaithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun cabhrú le teaghlach Trevor O'Neill a lámhachadh agus a dúnmharaíodh sa Spáinn an mhí seo caite.
Cás bréagaitheanta a bhí i gceist.
Bhí Trevor O Neill ag obair i Rannóg draenála na Comhairle.
Tá ciste bunaithe ag a gcomhghleacaithe chun cabhrú le clann Trevor agus a gcuid riachtanaisí airgeadais.
Lámhachadh agus maraíodh Trevor O' Neill ar an 17ú Lúnasa le linn do a bheith ar laethanta saoire teaghlaigh cóngarach do Santa Ponsa i Majorca.
Creidtear go raibh sé i gceist ag na hionsaitheoirí, fear a bhí ag caint le Trevor O'Neill ag an am, duine de theaglach Hutch a mharú agus ní Trevor.
Meastar gurb é Trevor O' Neill an deichiú duine atá anois maraithe mar thoradh ar an achrann leanúnach atá ar bun idir bhuíonta coiriúlachta Hutch agus Kinahan.