skip to main content

Díolachán domhanda an Galaxy Note 7 curtha ar fionraí ag Samsung mar gheall ar fhadhb le cadhnraí cuid de na fóin.

Fadhbanna ag Samsung leis an Galaxy Note 7
Fadhbanna ag Samsung leis an Galaxy Note 7

Tá díolachán an fhóin chliste, an Galaxy Note 7, curtha ar fionraí ag Samsung de bharr fadhbanna móra le cuid de na fóin a chuaigh trí thine le linn nó i ndiaidh do dhaoine iad a luchtú.

Tuairiscítear go raibh fadhbanna le cadhnraí i gcuid de na fóin. 

Dúirt an comhlacht leictreonaice gur chinn siad an fón a bhaint ón margadh i bhfianaise tuairiscí gur chuaigh roinnt do na gairis trí thine le linn luchtaithe nó ina dhiaidh. 

Dúirt an comhlacht go mbeadh daoine a bhfuil Samsung Galay Note 7 acu i dteideal fón nua. 

Siad Samsung, an déantúsóir is mó fóin chliste ar domhan.

Tuigtear go raibh idir 300 agus 500 do na fóin imithe go dtí margadh na hÉireann, roimh fhógra an lae inniu

Tá an chuid is mó dóibh tugtha thar n-ais ag a gcuid úinéirí ach tuigtear go bhfuil dornán beag fós in úsáid.