Tá staid éigeandála fógartha ag Gobharnóir Florida agus stoirm mhór ghaoithe Hermine tar éis an ceantar a bhualadh.
Tá foláireamh tugtha d'áitritheoirí ar Chósta na Murascaille go bhfuil baol ann do bheatha daoine de bharr na stoirme a bhfuil gustaí gaoithe suas le 130km san uair léi.

Bhuail an spéirling atá i rangnaithe i gcatagóir a haon ceantar St Marks timpeall ar 1.30 ar maidin, am Florida.
Tá tuairim is 270,000 teach fágtha gan aon chumhacht aibhléise.

Seo an chéad spéirling atá tar éis Stát Florida a bhualadh le 11 bhliain déag anuas.
Spéirling Wilma, an stoirm mhór ghaoithe dheireanach a bhuail Florida i 2005.