Tá suas le 150m oibrí san earnáil phoiblí san India ar stailc inniu mar gheall ar chúrsaí pá.
Maíonn siad nach leor an t-ardú atá beartaithe don íosphá náisiúnta.
Tá sé i gceist ag Príomh-aire na hIndia Narendra Modi an t-íosphá náisiúnta a ardú ach deir na hoibrithe nach leor an t-ardú atá beartaithe.
Tá suas le 150m oibrí ó earnálacha éagsúla, altraí, baincéirí, daoine atá ag obair le cúrsaí déantúnsaíochta agus sna mianaigh guail i measc na ndaoine atá i mbun stailce 24 uair an chloig.
Rinne deich gcinn de cheardchumainn an stailc a ghairm i ndiaidh do chainteanna le Aire Airgeadais na tíre teipeadh.