skip to main content

Plean nua ag Céad-Aire na hAlban neamhspleáchas a chur chun cinn arís

Feachtas nua ar chúrsaí neamhspleáchais á sheoladh ag Nicola Sturgeon inniu.
Feachtas nua ar chúrsaí neamhspleáchais á sheoladh ag Nicola Sturgeon inniu.

Tá feachtas nua seolta ag Céad-Aire na hAlban  inniu in iarracht muintir na hAlban a thabhairt léi chun tacú le Neamhspleáchas na tíre sin.

Admhaíonn Nicola Sturgeon go gcaithfidh an SNP daoine a vótáil i gcoinne Neamhspleáchais sa Reifreann i 2014 a thabhairt leo.

Deir sí gur comhrá agus díospóireacht nua a bheidh san fheachtas nua seo don am atá againn anois i láthair na huaire i bhfianaise Brexit agus eile. 

Ag comhdháil a páirtí i Mí an Mhárta i mbliana, d''fhógair ceannaire an SNP go gcuirfí tús le tionscnamh samhraidh chun dlús a chur faoin dtacaíocht atá ann chun go bhfágfadh Albain an Ríocht Aontaithe.

I bhfianaise chinneadh mhuintir na Breataine, an tAontas Eorpach a fhágaint, creideann an SNP go bhfuil an t-am ceart anois féachaint ar thodhchaí na hAlban arís eile. 

Deir Sturgeon, go bhfuil an Ríocht Aontaithe a bhí ann roimh an 23ú Meitheamh athruithe ó bhonn. 

Seoladh an feachtas nua ar Neamhspleáchas na hAlban ag ocáid i Stirling, áit gur bhuaigh William Wallace cath stairiúil i gcoinne mhuintir Shasana i 1297. 

Tagann an feachtas nua seo ar Neamhspleáchas nach mór dhá bhliain ó reachtáileadh Reifreann ar chúrsaí Neamhspleáchais in Albain i 2014, tráth gur votáil 55% de mhuintir na hAlban fanacht sa Ríocht Aontaithe agus votáil 45% imeacht.