skip to main content

Imní léirithe ag grúpa atá in aghaidh cliabháin éisc faoi phleananna Fhoras na Mara

Imní léirithe ag grúpa frith-chliabháin éisc faoi phleananna Fhoras na Mara dá láthair tástala sa Spidéal
Imní léirithe ag grúpa frith-chliabháin éisc faoi phleananna Fhoras na Mara dá láthair tástala sa Spidéal

Ag Cruinniú eolais poiblí a reachtáileadh ar an Spidéal arú aréir, léirigh an grúpa "Galway Bay against Salmon Cages" imní faoi eolas a chonaic siad ar shuíomh idirlín fhothchomhlacht do chuid Fhoras na Mara, Smartbay Ireland Ltd, a thugann le fios, a deir siad, go mbeidh staidéir á dhéanamh ar chúrsaí feirmeoireachta éisc agus eile ar an suíomh mara agus fuinnimh inathnuaite a bhfuil an Foras ag lorg léas 35 bliain ón Rialtas len aghaidh.  

Níl tada dhá shórt luaite ag an bhforas féin deir siad i dtaobh an Iarratais oifigiúil atá déanta acu don suíomh, atá amach ó chósta an Spidéil.

Tá an comhairleoir timpeallachta agus mara Peadar Ó Maoláin, atá gníomhach leis an ngrúpa Salmon Watch Ireland, tar éis an cás a scrúdú.

Comhlacht neamhbhrabúis atá i Smartbay a deir Foras na Mara, a bhunaigh an Foras i gcomhar le NUIG agus DCU i 2012 ar mhaithe le teicneolaíocht mara agus comhshaoil a chur chun cinn. 

Séanann siad áfach go mbeidh aon chliabhán bradán, ná tada eile dá shórt á bhfeistiú ar an láthair tástála úd.