Dúirt an tAire Spóirt Shane Ross nach mbeidh aon srian ar an mBreitheamh Carroll Moran (atá ar scor) ina chuid fiosrúchain maidir le conspóid na dticéid Óilimpeacha. Beidh sé de chead ag an mBreitheamh Moran fiosrúchán Stát a éileamh más gá ina dhiaidh san.

An Breitheamh Ard-Chúirte ar scor, Carroll Moran - ceaptha i gceannas an fhiosrúcháin
Breathnóidh an fiosrúchán ar an modh oibre a bhí ag Chomhairle Óilimpeach na hÉireann i leith dáileadh na dticéad ag na Cluichí Óilimpeacha i Rio, Londain 2012 agus na Cluichí Geimhridh i 2014.
Déanfar iniúchadh ar chóras riaracháin chorparáidí na Comhairle agus gnéith maoinithe Stát na Comhairle freisin.
Tá an chuid is mó de luthchleasaíthe na hÉireann a bhí san iomaíocht i Rio le h-aerfort Bhaile Átha Cliath a bhaint amach go luath tráthnóna.
Ar maidin, dúirt an tAire Talamhaíochta go bhfuil ceisteanna le freagairt ag comhaltaí boird Chomhairle Oilimpeach na hÉireann faoi chonspóid na dticéad i Rio.
I Rio aréir mhaigh póilíní gur éascaigh an OCI bealach le ticéidí Óilipmpeacha a aistriú chuig an comhlacht THG lena ndíol ina dhiaidh sin bíodh is narbh é THG a bhí ceaptha le riar ticéid na hÉireann a láimhseáil.
Sa chomhfhreagras, maítear go ndeir Pat Hickey, a sheas ar leataobh óna ról mar Uachtarán ar an Chomhairle fad agus atá fiosrúcháin ar bun go raibh farasbarr ticéid ag an OCI do shearmanais oscailte agus clabhsúir na gcluichí i Rio agus gur thug sé le fios do Marcus Evans ó THG go dtiocfadh leis iad ar fad a úsáid dar mhaith leis.
D'fhreagair Evans, is cosúil, go raibh a sháigh ticéidí aige ach go ndéanfadh sé iarracht iad a dhíol.
Dúirt an t-Iar lúthchleasaí, Olive Loughnane a ghlac páirt i gceithre chluichí Oilimpeacha nach cuimhin léithe ach ticéad amháin do na cluichí sin ar fad a fháil dá muintir.
Indiaidh do Dermot Henihan, duine den triúr feidhmeannaigh eile ón Chomhairle ar tógadh a bpásanna uathú i Rio, ráiteas a thabhairt dona póilíní ansin aréir, dúirt póilíní nach bhfuil siad in amhras faoi níos mó.
Tá an bheirt eile, Kevin Kilty agus Stephen Martin le labhairt leis na póilíní amárach.