Thug póilíní na Breataine le fios go bhfuil fear, 30 gafa acu in Somerset agus é faoi amhras go raibh baint aige le 'sraith imeachtaí sceimhlitheoireachta' a eagrú.
Tá póilíní ag cuardach coille i ndeisceart Devon agus láthair eile i dTuaisceart Éireann.
Dúirt urlabhraí na bpóilíní gur de thoradh fiosrúcháin idir Aonad Frith-Sceimhlitheoireachta na bPóilíní i Londain agus san iar-dheisceart agus an PSNI a déanadh an gabháil.