Tá foláireamh tugtha ag Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go mb'fhéidir go mbeadh orthu dul i mbun aighnis muna ndeintear dul chun cinn ar liúntais páigh a thabhairt ar ais do mhúinteoirí atá nua sa phost.
Measann an tAontas go bhfuil tuairim is 6 mhíle go leith múinteoir bunscoile agus meán scoile thíos leis na hathruithe.
Baineadh liúntais cáilíochtaí do mhúinteoirí a bhí ag tosnú sa phost - i 2012.
Cialaíonn sé seo go bhfuil na múinteoirí ag cailliúint idir 5,000 agus 6,000 euro sa bhliain.
Tá an ceardchumann i mbun cainteanna leis an Roinn Oideachais agus leis an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe - fén gceist.