Thúirling eitleán le 63 paisinéir ar bord in aerfort Chorcaí ar maidin i ndiaidh don píolóta deatach a thuairisciú sa chró. D'fhógair an píolóta éigeandáil ar eitilt EI3701 ag 09.55 ar maidin - eitilt rialta idir Birmingham agus Corcaigh.
Tugadh an 59 paisinéir agus 4 criú slán.
Tá fiosrúchán ar bun anois le cúis an deataigh a fháil.