skip to main content

Tá comhfhreagras ríomhphoist idir Pat Hickey agus THG nochtaithe ag póilíní Rio atá ag fiosrú scéal na dticéid Óilimpeacha

Comhfhreagras idir Pat Hickey agus THG nochtaithe ag póilíní i Rio
Comhfhreagras idir Pat Hickey agus THG nochtaithe ag póilíní i Rio

Nochtaigh póilíní atá ag fiosrú mídhíol ticéid Óilimpeacha, comhfhreagras ríomhphoist idir Uachtarán Chomhairle Óilimpeach na hÉireann, (OCI) Pat Hickey agus Marcus Evans ón gcomhlacht THG faoi thicéid Óilimpeacha. 

Maíonn póilíní Rio gur éascaigh an OCI bealach le ticéid Óilipmpeacha a aistriú chuig an comhlacht THG lena ndíol ina dhiaidh sin bíodh is narbh é THG an comhlacht a bhí dlite le riar ticéid na hÉireann a láimhseáil. 

Sa chomhfhreagras, maítear go ndeir Hickey go raibh farasbarr ticéid ag an OCI do shearmanais oscailte agus dúnta na gcluichí agus á rá le Marcus Evans go bhféadfadh sé iad ar fad a úsáid dar mhaith leis. 

D'fhreagair Evans é, á rá gur cheap sé go raibh a dhóthain ticéid aige ach go dtrialfadh sé iad a dhíol mar sin féin. 

Tá Hickey tar éis seasamh ar leataoibh óna ról mar Uachtarán ar an gComhairle fad agus atá fiosrúcháin ar bun.