skip to main content

Maraíodh ar a laghad 73 i gcrith talúin san Iodáil thar oíche

Fear ag siúl trína bhfuil fágtha de cheann de na bailte a buaileadh le crith talúin san Iodáil aréir. Maraíodh 73 ar a laghad agus iarrachtaí tarrthála faoi lán tseoil
Fear ag siúl trína bhfuil fágtha de cheann de na bailte a buaileadh le crith talúin san Iodáil aréir. Maraíodh 73 ar a laghad agus iarrachtaí tarrthála faoi lán tseoil

Bhuail crith talúin an Iodáil moch maidin inniu ag leagan na scórtha foirgnimh agus ag sáinniú na céadta. Maraíodh 73 agus tá iarrachtaí tarrthála faoi lán tseoil.

Tharla an crith i gceantar cnocach i Lazio agus Marche agus bhuail na bailte beaga Amatrice, Accumoli agus Pescara Del Tronto.

Tuairiscítear go raibh neart 6.2 ag an gcrith talúin ar an scála Richter a bhuail ag 3.30 ar maidin agus ag doimhneas 10cm.

Ag labhairt dó leis na meáin aitiúla, dúirt Meara Amatrice Sergio Perozzi go bhfuil trí ceathrú den baile scriosta ag an crith talúin.