Rinne tine damáiste do ghnó aitheanta i gCo. an Chláir luath maidin inniu.
Bhris an tine amach san ionad próiséala éisc sa ghnó aitheanta An Burren Smokehouse i Lios Dúin Bhearna go gairid roimh a 9 a chlog ar maidin.
D'éirigh le 6 aonad den bhriogáid dóiteáin an tine a cheannsú.
Níor lean an tine go hionad na gcuairteoirí. Déanadh damáiste don ionad próiseála.
Tá gradaim náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach ag An Burren Smokehouse a d'oscail sa mbliain1989.
Tá suas le 20 duine fostaithe sa ghnó agus tá an imní anois ar an mbaile go bhféadfadh impleachtaí a bheith ag an tine ar chúrsaí fostaíochta i dtuaisceart Chontae an Chláir.
Níor gortaíodh duine ar bith san eachtra.