Tá sé i gceist ag an aisteoir Amber Heard an t-airgead uilig a fuair sí sa socrú colscartha ón aisteoir Johnny Depp a thabhairt do charthanachtaí.
Roinnfear 7 milliún dollar idir ospidéal do ghasúir i Los Angeles agus ceardchumann chearta an duine i Meiriceá. Caithfidh an 'American Civil Liberties Union' (ACLU) an t-airgead sin a úsáid le stop a chur le foréigean in aghaidh mná.
Dúirt Amber Heard go raibh sé mar aidhm aici cuidiú le daoine nach bhfuil in ann cosaint a dhéanamh orthu féin.
Bhí sé curtha i leith Johnny Depp roimhe seo gur bhuail sé Amber Heard agus gur chaith sé fón póca tráth amháin a tharla argóint eatarthu. Shéan Depp na líomhaintí.