Tá teaghlach Trevor O'Neill, an fear a maraíodh in ionsaí gunna ar oileán Mallarca sa Spáinn tagtha abhaile go hÉirinn. Cás bréagaitheanta a bhí i gceist a dúradh.
Maraíodh Trevor O' Neill in Costa de la Calma atá aice le Santa Ponsa oíche Dé Ceadaoin. Bhí a theaghlach ar saoire ar an oileán. Maraíodh an tUasal O' Neill os comhair a pháirtí agus a dtriúr clainne. 42 bliain d'aois a bhí Trevor O' Neill agus caitheadh é 4 bhabhta.
Tá póilíní sa Spáinn fós i mbun fiosruithe faoi dhúnmharú Trevor O'Neill.
Deir póilíní nárbh é Trevor O'Neill a bhí i gceist ag na gunnadóirí a mharú ach fear a bhí sé ag caint leis, duine de theaghlach Hutch
Tuairiscítear go bhfuil na póilíní ar Oileán Mallarca sa tóir ar thiúr a bhfuil amhras ann fúthu go raibh baint acu leis an marú.