Tá Pat Hickey á choinneáil i bpríosún ardslándála Bangu i Rio de Janeiro na mBrasaíle.

Tuairiscítear go bhfuil dlídóirí Hickey ag déanamh machnaimh faoi an bhfuil sé i gceist acu achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na cúirte gan bannaí a cheadú dó.
Bhí Pat Hickey san ospidéal i Rio de Janeiro go dtí inné. Tugadh as sin é chuig stáisiún na bpóilíní chun go bhféadfaí é a cheistiú thar oíche.
Gabhadh Pat Hickey mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun faoi thicéid a bhí á ndíol go mídhleathach do na Cluichí Oilimpeacha. Séanann an tUasal Hickey na líomhaintí.
Ó shin d' éirigh sé as a phost ar bhonn sealadach mar Uachtarán ar Chomhairle Oilimpeach na hÉireann agus as a chuid cúraimí ar choistí idirnáisiúnta Oilimpeacha.
Inné tháinig an tAire Spóirt Shane Ross abhaile as Rio agus inniu bhí cainteanna aige faoin scéal leis an Ard-Aighne Máire Whelan, le hoifigigh sa Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus leis an Aire Stáit sa Roinn Spóirt Patrick O'Donovan.

Tá fiosrúchán neamhreachtúil fogartha ag an Aire Spóirt faoi chonspóid na dticéad ag na Cluichí Oilimpeacha.
Dúirt Shane Ross go gceapfaí breitheamh, atá ar scor ina chathaoirleach ar an bhfiosrúchán an tseachtain seo chugainn.
Tá sé ráite ag Comhairle Oilimpeach na hÉireann go gcomhoibreoidh sé go hiomlán le h-aon fhiosrúchán stáit a bheidh ann faoin scéal.