Tá Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann ag impí ar phobal Dhún na nGall theacht go Leitir Ceanainn inniu le fuil a thabhairt.
Thit líon na ndeontóiri fola i gceantar Leitir Ceanainn 30% le 2 lá anuas fad is atá an tseirbhís ar an mbaile.

Tá géarghá i gcónai le stoc fola a choinneáil ag leibheál ard do na hospidéil a dúradh agus cúis imní don tseirbhís an titim seo ar líon na ndeontóirí fola sa gcondae.
Is féidir fuil a thabhairt idir 2:30 agus 5 agus ón 7:30 go dtí an 9 ag Halla na Trionóide i Leitir Ceanainn i nDún na nGall.
RTÉ RnaG Foinse an Scéil