Tá fáilte curtha ag na Náisiúin Aontaithe roimh chinneadh na Rúise sos comhraic a chur i bhfeidhm ar feadh 48 uair an chloig i gcathair Aleppo sa tSiria.
D'fhógair an Aireacht Cosanta i Moscó go raibh siad sásta sos comhraic a chur i bhfeidhm ar feadh 2 lá chun go bhféadfaí cabhair dhaonnúil a thabhairt chomh fada le Aleppo, cathair atá faoi léigear.
Shocraigh siad é seo a dhéanamh tar éis achainí a rinne toscaire de chuid na Náisiúin Aontaithe chun na Siria. Teastaíonn ó Stefan De Mistura anois go gcuirfeadh An Rúis brú ar a gcomhghuaillí An tUachtarán Bashar Hafez al-Assad aird a thabhairt ar an sos comhraic.
Bhí sé ráite ag an Rúis roimhe seo go mbeadh aon sos comhraic teoranta do trí uair a chloig.