skip to main content

Gabhadh an seisear i dteach i mBaile an Chaisleáin tráthnóna inné agus is as oirthear na hEorpa dóibh

Seisear gafa agus á gceistiú ag na Gardaí i gCo. na Mí faoi gháinneáil ar dhaoine
Seisear gafa agus á gceistiú ag na Gardaí i gCo. na Mí faoi gháinneáil ar dhaoine

Ghabh na Gardaí i gCo. na Mí seisear tráthnóna inné agus tá na daoine sin á gceistiú i stáisiúin éagsúla faoin amhras atá ann go raibh baint acu le gáinneáil ar dhaoine.  

Gabhadh an seisear i dteach i mBaile an Chaisleáin ag thart ar a 8 a chlog tráthnóna inné agus tuairiscítear go raibh thart ar 23 duine sa teach atá gar don Obair, i gCo. na Mí ag an am. Tá na daoine sin anois faoi chúram an Stáit.

Is as oirthear na hEorpa an seisear a gabhadh agus tá siad á gcoinneáil i stáisiún na nGardaí i gCill Dhéagláin, sa gCeannanas Mór agus i bhFionnghlas.  

Deirtear go dtarlóidh cuardaigh breise inniu.