Tá deimhniú tugtha ag urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dúinn go bhfuil síneadh ama eile curtha leis an spriocdháta atá ag comhlachtaí le tairiscint a dhéanamh ar an gconradh don tseirbhís aeir go hÁrainn.
Is é meánlae ar an dara lá den chéad mhí eile an sprioc atá luaite anois ar an gconradh tairisceana oifigiúil.
Dheimhnigh an Roinn, Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta níos túisce an tseachtain seo go raibh socrú déanta ag an Roinn le húinéirí Aerfort na Minna in Indreabhán faoi úsáid an aerfoirt le linn tréimhse an chonartha PSO le seirbhís iompair aeir a chur ar fáil do 3 oileán Árann.
RTÉ RnaG Foinse an Scéil