skip to main content

Cruinniú faoi Ionad Tástála Mara agus Fuinnimh an Spidéil

Seanchéibh an Spidéil
Seanchéibh an Spidéil

Tá muintir an Spidéil i gCo na Gaillimhe a chuireann in aghaidh iarratas Fhoras na Mara ar léas 35 bliain d'Ionad Tástála Mara agus Fuinnimh Inathnuaite amach ón gcósta ansin ag eagrú cruinniú eolais in Óstán na Páirce trathnóna Dé Luain seo chugainn.

Thug an t-urlabhraí Máire Ní Fheinneadha le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta gurb iad muintir na háite a bhfuil mionscrúdú déanta acu ar an iarratas agus na coinníollacha a bhaineann leis a dhéanfas an cur i láthair.