skip to main content

Roinnt moltóirí díbeartha ag Cumann Idirnáisiúnta na Dornálaíochta Amaitéaraí

Michael Conlan
Michael Conlan

Dúirt Cumann Idirnáisiúnta na Dornálaíochta Amaitéaraí go bhfuil roinnt moltóirí agus réiteoirí ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio díbeartha acu. 

Rinneadh an cinneadh tar éis don Chumann athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí roinnt babhtaí dornálaíochta.

Dúirt siad nach raibh an toradh a raibh súil leis ar roinnt den 239 babhta.

Dúirt an Cumann, ina dhiaidh sin féin, nach mbeadh aon athrú ar na torthaí a fógraíodh go dtí seo.

Inné, chaill an dornálaí Éireannach Michael Conlan a throid ceathrú ceannais in aghaidh an Rúisigh Vladimir Niktin. Tá amhras caite ar chinneadh na moltóirí, áfach.