Dúirt dlíodóir Ibrahim Halawa, an fear óg as Baile Átha Cliath atá sa phríosún san Éigipt, gur brú polaitiúil atá ag teastáil le go saorfaí é.
Trí bliana is an lá inniu a gabhadh Ibrahim Halawa i gCaireo nuair a bhí sé seacht mbliana déag d'aois.
Gabhadh é le linn léirsithe ag tacú leis an iar-Uachtarán Mohamed Morsi. Tá sé faoi choinneáil ó shin agus a thriail curtha siar arís agus arís eile.
Deir a dhlíodóir Darragh Mackin nach mbeidh aon rath ar iarratas dlíthiúil é a scaoileadh saor mura ndéantar é in éineacht le brú polaitiúil ón Taoiseach agus ó thaidhleoirí na tíre seo.