Deir Cumann Beachadóirí na hÉireann san iarthar nach mórán ar bith meala a bhí le fáil sa taobh sin tíre i mbliana.
Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar a bhfuil de bheacha dorcha Eorpacha sa tír agus deirtear gur fíneoga is cúis leis seo.
Deir taighdeoirí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhféadfadh sé go dtiocfaí ar réiteach na faidhbe dá bhfaighfí beacha nach gcuireann na fíneoga seo isteach orthu.
Tá na taighdeoirí ag achainí ar aon duine a thagann ar choirceoga beach nach bhfuil aon duine ina bhfeighil, agus atá ann le dhá bhliain nó níos mó, teagmháil a dhéanamh leo.
Tá an beachadóir Paddy Ó Fiannachta as Camas i gConamara ar dhuine den dream a mbeidh staidéar á dhéanamh ar a chuid beach.