skip to main content

Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann Pat Hickey gafa sa Bhrasaíl

Pat Hickey
Pat Hickey

Tá Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann agus na hEorpa, Pat Hickey, gafa ag póilíní sa Bhrasaíl. 

Deir na póilíní go mbaineann an scéal le díol mídhleathach ticéad ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio. Aonad caimiléireachta na bpóilíní a ghabh Pat Hickey san óstán a bhfuil sé ag fanacht ann. 

Tá sé curtha i leith an chomhlachta THG Sports ag na húdaráis sa Bhrasaíl  cheana féin go raibh ticéid á ndíol go mídhleathach ag an gcomhlacht. Comhlacht Breataineach is ea THG Sports. 

Tá duine d'fheidhmeannaigh THG Sports Kevin Mallon, atá bunaithe i mBaile Átha Cliath, gafa cheana féin sa Bhrasaíl agus curtha siar faoi choinneáil. 

Deir na póilíní go raibh ticéid de chuid Chomhairle Oilimpeach na hÉireann ina sheilbh ag Kevin Mallon. Deir siad nár cheart go mbeadh na ticéid curtha ar fáil d'aon dream eile gan dul i gcomhairle leis an gcoiste Oilimpeach i Rio i dtosach.

Tá sé séanta ag lucht THG go bhfuil aon ní as cor déanta acu. 

Tuairiscítear gur tugadh Pat Hickey, atá 71 bliain d'aois, chun an ospidéil nuair a gabhadh é agus tinneas croí air. 

Ag preasócáid i Rio, d'fhógair na póilíní go raibh siad ag iarraidh labhairt le triúr Éireannach eile freisin.

Preasócáid na bpóilíní i Rio

Dúirt an tAire Spóirt Shane Ross, atá i Rio, go bhfuil sé suaite ag an scéal. Dúirt sé go bhfuil sé le filleadh ar Éirinn anocht agus go rachaidh sé i gcomhairle an Rialtas agus an Ard-Aighne maidir leis an scéal.

Tuigtear gur breitheamh cúirte sa Bhrasaíl a dhéanfas cinneadh maidir leis an dlí a chur ar Pat Hickey nó é a scaoileadh saor.