skip to main content

Corp mná sna caogaidí faighte i dteach i mbaile Loch Garman

Corp mná faighte i dteach i Loch Garman
Corp mná faighte i dteach i Loch Garman

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i Loch Garman maidir le bás mná sna caogaidí a bhfuarthas a corp i dteach ar an mbaile tráthnóna inné.

Fuarthas corp na mná i seomra codlata an tí in eastát tithíochta Chluain Dara, Cluain Ard, ar an mbaile ag thart ar 7.30 inné.  

Tá fios curtha ar an bPaiteolaí Stáit agus tá scrúdú iarbháis le déanamh ar an gcorp inniu.