skip to main content

Comhairleoir contae i gConamara míshásta le Roinn na Mara

Cé Ros an Mhíl, Conamara.
Cé Ros an Mhíl, Conamara.

Mhaígh an comhairleoir contae i nGaillimh Tomás Ó Curraoin go bhfuil Roinn na Mara ag siúl ar iascairí beaga an iarthair i bhfianaise na forbartha móire atá á déanamh ag Cé Ros an Mhíl i gConamara.

Dúirt Tomás Ó Curraoin ó Shinn Féin Poblachtach go bhfuil sé fíor-mhíshásta nach ndeachaigh aon duine i gcomhairle leis na hiascairí atá ag brath ar an láthair a bhfuil an obair seo á déanamh ann le linn an chomhairliúcháin phoiblí. 

Dúirt sé go bhfuil slí maireachtála na n-iascairí i mbaol tar éis do chonraitheoirí príobháideacha ón Roinn 200 pota ribe roibéis a thabhairt i dtír arú inné i Ros an Mhíl. 

Féach http://bit.ly/2bwNLZV