Tá bonn airgid buaite ag an seoltóir Éireananach Annalise Murphy ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio tráthnóna.
Tháinig an bhean as Ráth Fearnáin i mBaile Átha Cliath i ndiaidh an tseoltóra as an Ísiltír Marit Bouwmeester sa tseoltóireacht ghathach léasair. Is ball den Chlub Náisiúnta Seoltóireachta i nDún Laoghaire í.
Thréaslaigh an tUachtarán Michael D Higgins agus an Taoiseach Enda Kenny a héacht léi tráthnóna.
Deichniúr ar fad a bhí san iomaíocht agus ba í Ann-Marie Rindom as an Danmhairg a bhuaigh an bonn cré-umha.
1980 an uair dheireanach a bhuaigh an tír seo bonn sa tseoltóireacht.