skip to main content

"Ba linne na ticéid á ndíol ag Kevin Mallon sa Bhrasaíl "- PRO 10

Cárta aitheantais le Kevin Mallon
Cárta aitheantais le Kevin Mallon

D'admhaigh an comhlacht díolta ticéad, PRO 10 Sports Management, go mba leisean na ticéid a bhí Kevin Mallon a dhíol sa Bhrasaíl.

Tá Kevin Mallon gafa thall ansin anois ar an gcúis gur dhíol sé ticéid thar a luach go mídhleathach.

I ráiteas dá chuid dúirt PRO 10 go ndearna sé gach rud mar ba chóir i dtaca le dáileachán na dticéad seo do na Cluichí Oilimpeacha agus gur chloígh sé ar gach bealach le treoirlínte na nDíoltóirí Údaraithe Ticéad.

Dúirt an comhlacht go raibh Kevin Mallon ag coinneáil na dticéad thar a cheann.