skip to main content

Bagairt stailce ag teannadh níos gaire i mBus Átha Cliath

Bagairt stailce i mBus Átha Cliath
Bagairt stailce i mBus Átha Cliath

Tá tiománaithe i mBus Átha Cliath, ar baill den cheardchumann SIPTU iad,tar éis vótáil i bhfábhar aighneas tionsclaíoch.

D'fhéadfadh stailc a bheith mar thoradh ar seo.

Vótáil 95% de SIPTU i bhfábhar dul i mbun aighnis thionsclaíoch.

An tseachtain seo caite vótáil baill de Cheardchumann na n-oibrithe Bus agus Iarnróid (NBRU) i bhfábhar dul i mbun aighnis freisin.

Cúrsaí pá faoi ndear an t-aighneas seo.

Tá tiománaithe ag diúltú an 8.2% d'ardú pá thar tréimhse 3 bliana atá molta ag an gCúirt Oibreachais.

Teastaíonn uathusan go n-ardófaí pá 18%, an t-ardú céanna a bronnadh ar oibrithe Luas níos túisce i mbliana.

Má théitear ar aghaidh leis an stailc seo d'fhéadfadh suas le 334,000 paisinéir in aghaidh an lae a bheith buailte.