Tá dhá bhonn airgid buaite ag an tír seo ag na Cluichí Oilimpeacha i Rio.
Na deartháireacha O'Donovan ón Sciobairín i gCo.Chorcaí a rinne an beart.

Gary agus Paul O'Donovan
Chríochnaigh Paul agus Gary O'Donovan sa dara háit i gcomórtas rámhaíochta céaslaire beirte na bhfear tráthnóna inniu.
B'iad rámhaithe na Fraince a bhuaigh an rása sin agus an bonn óir sa chomórtas éadrom-mheáchan.
Thréaslaigh an tUachtarán Michael D Higgins a n-éacht leis na deartháireacha tráthnóna.
"Díol ionspioráide don náisiún a bhfuil bainte amach acu" a dúirt sé.
Chuir an Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Spóirt Shane Ross a gcomhghairdeas in iúl freisin.
Ba é inniu an chéad uair riamh don tír bonn a bhuachan sa rámhaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha.
Ar mhíámharaí an tsaoil níor éirigh chomh maith leis na mná Éireannacha i gcomórtas rámhaíochta céaslaire beirte éadrom-mheáchan na mban ag na cluichí.

Claire Lambe agus Sinéad Lynch
Sa séú háit a chríochnaigh Claire Lambe agus Sinéad Lynch.
Ba í an Ísiltír a chroch léi an bonn óir sa rása sin.
Chríochnaigh rámhaithe na tíre sin chun cinn ar Chaenada agus ar an tSín.