skip to main content

Ard Chúirt ag ordú eiseachadadh Gary Davis chun na Stát Aontaithe

Gary Davis, ar ordaíodh a eiseachadadh chun na Stát Aontaithe
Gary Davis, ar ordaíodh a eiseachadadh chun na Stát Aontaithe

Tá sé ordaithe ag an Ard Chúirt go n-eiseachadfaí fear as Co.Chill Mhantáin chun na Stát Aontaithe.

Sin é Gary Davis as Cill Pheadair, a bhfuil díol drugaí mídhleathacha ar an idirlíon curtha ina leith.

Deirtear go raibh an fear 27 bliain d'aois ina riarthóir ar an suíomh idirlín, Silk Road agus go raibh sé bainteach i ndíol drugaí mídhleathacha agus i mbriseadh isteach ar shuíomhanna eile.

Cuirtear ina leith freisin go mbíodh sé ag sciúradh airgid.

Teastaíonn ó údaráis Mheiriceá é a cheistiú faoina cúiseanna sin.

Rialaigh an Breitheamh Paul McDermott san Ard Chúirt inniu go gceadófaí dóibh sin a dhéanamh.

Ceaptar go ndéanfaidh Gary Davis achomarc in aghaidh chinneadh na cúirte.

D'fhéadfaí príosún saoil a ghearradh ar Gary Davis má chiontaítear é i Meiriceá.