Dúirt an tAire Iompair,Turasóireachta agus Spóirt Shane Ross go mbeidh sé ag bualadh le hUachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann,(OCI) Pat Hickey i Rio arú amárach.
Seo i bhfianaise an scannail faoina ticéid ar fad a díoladh go mídhleathach sa Bhrasaíl.
Dúirt an tAire Ross nach raibh sé sásta gurb é an OCI amháin in Éirinn atá ag fiosrú an scannail seo go hinmheánach.
Dúirt sé go gcaithfí fiosrúchán a chur ar bun i dtaca le cleachtais an OCI freisin.
Is ar an Domhnach a shroichfidh Pat Hickey Rio chun freastal ar na Cluichí Oilimpeacha a thosaigh ansin seachtain ó shin.

Uachtarán an OCI, Pat Hickey
Tá roinnt fiosrúchán ar bun anois ag na húdaráis thall sa Bhrasaíl, ceann coiriúil san áireamh, maidir leis an scannal seo.
Ag labhairt dó le RTÉ ar maidin dúirt an tAire Shane Ross go raibh sé muiníneach go raibh an OCI gníomhach ag iarraidh a dhéanamh amach céard a tharla.
Níos túisce d'iarr Timmy Dooley, urlabhraí Fhianna Fáil ar Ghnóthí Cumarsáide, Comhshaoil agus Acmhainní Nadúrtha go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoin scannal seo.

Timmy Dooley
Suas le 1,000 ticéad ar fad a bhí i gceist, a cuireadh i leataobh don OCI.