Tar éis do dheartháireacha O'Donovan bonn airgid a bhuachan i Rio tráthnóna tabharfaidh sé ábhar misnigh do lúthchleasaithe eile na tíre thall ansin.

Na deartháireacha O'Donovan thall i Rio
Tá Mark English sa bhabhta leathcheannais den rás 800 méadar.
D'éirigh leis an bhfear 23 bliain d'aois cáiliú as réamhbhabhta a 6 níos túisce tráthnóna.
Is é inniu an chéad lá ar ndóigh de na himeachtaí raoin agus faiche ag na Cluichí Oilimpeacha.
Tá Ciara Mageean sna réamhbhabhtaí den rás 1,500 agus tá Alex Wright páirteach sa rás 20 ciliméadar siúil níos deireanaí.

Ciara Mageean sna réamhbhabhtaí 1,500m do mhná inniu
Níos deireanaí anocht beidh foireann na hÉireann ag iarraidh an babhta ceathrú ceannais den chomórtas hacaí a bhaint amach.

Cóitseálaí fhoireann hacaí na hÉireann Craig Fulton
Imreoidh siad an Airgintín.
Aréir d'éirigh leis an snámhóir Meiriceánach,Michael Phelps bonn eile óir a bhuachan ag na cluichí seo.

Phelps buacach arís
An meascra aonair 200 méadar na bhfear a bhuaigh seisean, comórtas oilimpeach atá buaite aige anois don ceathrú huair as a chéile.
Sin éacht nach ndearnadh cheana.
23 bonn óir Oilimpeach anois atá ag Michael Phelps.
Aréir freisin d'éirigh le lúthchleasaithe ó Fiji bonn oilimpeach a chrochadh leo den chéad uair riamh.

Fiji ag ceiliúradh
Sin iad imreoirí rugbaí na tíre a bhuaigh a gcluiche ceannais in aghaidh na Breataine Móire.
Scamall eile áfach ar na cluichí seo is ea go bhfuil cóitseálaí le foireann lúthchleasaíochta ón gCéinia díbrithe abhaile óna Cluichí Oilimpeacha i Rio.
Sin é John Anzrah, cóitseálaí na lúthchleasaithe ráibe.
Cuireadh abhaile é mar go ndearna sé iarracht dallamullóg a chur ar lucht tástála drugaí thall ansin.
Tháinig sé i láthair lucht na tástála in áit an lúthchleasaí a bhí glaoite ag na húdaráis.