skip to main content

Éireannaigh slán óna heachtraí buamála sa Téalainn deirtear

Ceathrar ar a laghad marbh sa Téalainn
Ceathrar ar a laghad marbh sa Téalainn

Tá sé curtha in iúl ag Ambasáid na hÉireann i Bangkok nach cosúil go bhfuil aon Éireanach i measc na marbh sa Téalainn i ndiaidh eachtraí buamála ansin.

Tá ceathrar ar a laghad marbh de bharr na n-ionsaithe.

Gortaíodh breis is 30 duine eile freisin sna hionsaithe i ndeisceart na tíre.

Bhí an t-oileán Phuket, ina dtéann cuid mhór turasóirí, ar cheann de na háiteanna a buaileadh.

Ionsaíodh freisin Hua Hin chomh maith le bailte Surat, Thani, agus Trang.

Deir na póilíní ansin nach raibh aon bhaint ag na hionsaithe seo le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta.