Dúirt stiúrthóir na dticéad do na cluichí Oilimpeacha go dteastaíonn uaidh fháil amach conas ar díoladh go mídhleathach sa Bhrasaíl ticéid a cuireadh go leataobh do dhíoltóir údaraithe sa tír seo.
Dúirt Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann (OCI) Pat HIckey inné nach ndearna an eagraíocht sin tada as bealach.

Uachtarán an OCI, Pat Hickey
Ach in agallamh a thug Donovan Ferreti, stiúrthóir na dticéad thall i Rio, dúirt sé go bhfuil an lucht eagraithe ansin tar éis scríobh chuig an gcomhlacht Pro 10 Management, atá lonnaithe i Leamhcán i mBaile Átha Cliath ag lorg míniú maidir lenar tharla.
Sin é an comhlacht a roghnaigh an OCI chun na ticéid a dháileadh anseo do na cluichí.
An tseachtain seo caite áfach gabhadh Éireannach, Kevin Mallon, thall sa Bhrasaíl maidir leis an gcúis gur dhíol sé suas le 12,000 ticéad go mídhleathach agus ar phraghas i bhfad níos airde ná a bhí luaite leo.
Tá na ticéid sin curtha ar ceal ag Stiúrthóir na dTicéad i Rio agus cinn eile curtha ina n-áit.
D'fhéadfaí 3 bliana a ghearradh ar Kevin Mallon anois má chiontaítear é sa choir seo atá thar a bheith tromchúiseach sa Bhrasaíl.