I ráiteas atá curtha amach ag Bord Soláthar an Leictreachais deirtear ann go bhféadfadh custaiméirí in Inis Meáin agus in Inis Oírr a bheith gan aon chumhacht leictreachais go ceann roinnt laethanta.
372 teach ar an dá oileán atá buailte.
Dúradh go bhfuiltear ag obair ar an gcás ach go bhféadfadh moill a bheith i gceist mar gheall ar chomh casta is a bhíonn sé na cáblaí faoin bhfarraige a dheasú.
Táthar ag moladh do chustaiméirí a bhaineann úsáid as gairis leighis leictreacha teagmháil a dhéanamh lena gcuid saineolaithe leighis féin le socruithe eile a dhéanamh más gá.
RTÉ RnaG foinse an scéil.