Sa bPríomh-Chúirt Choiriúil fuarthas an tríú fear ciontach i ndúnmharú fir 64 bliain d'aois i gCo Uíbh Fhailí os cionn dhá bhliain ó shin.
Chuaigh an giúiré i mbun machnaimh arís inniu i gcás Matthew Cummins, fear 22 bliain as Éadan Doire, a bhfuil an dúnmharú curtha ina leith freisin. Fuarthas ciontach é.
Inné fuarthas beirt fhear eile ciontach i ndúnmharú Thomas Dooley.
Phléadáil James Davy, 25 bliain, as Cill Droichid, i gCo Chill Dara, agus ag a chol ceathar Seán Davy, 21 bliain d'aois, as Éadan Doire, i gCo Uíbh Fhailí, neamhchiontach i ndúnmharú Thomas Dooley ar tugadh drochbhualadh dó le maidí ag a theach cónaithe in Éadan Doire ar an 12 de mhí Feabhra 2014.
Fuarthas corp Thoms Dooley ina theach 4 lá ina dhiaidh sin.