skip to main content

Ní bheidh cead ag Michael O' Reilly páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha i Rio go fóill ar aon chuma

Michael O' Reilly le hiarracht a dhéanamh an cás ina aghaidh a throid
Michael O' Reilly le hiarracht a dhéanamh an cás ina aghaidh a throid

Is cosúil go bhfuil an dornálaí Éireannach atá i lár scannal dópála ag na Cluichí Oilimpeacha sa mBrasaíl  le hiarracht a dhéanamh an cás ina aghaidh a throid. 

Tháinig sé chun solais inné go raibh rian de chógas neamhcheadaithe aimsithe i sampla a thug Michael O' Reilly.

Tráthnóna inné dheimhnigh Cumann Dornálaíochta na hÉireann go bhfuil dornálaí ón tír seo curtha ar fionraí mar gheall gur thug tástáil drugaí le fios go raibh ábhar mídhleathach tógtha aige.

Ní bheidh cead ag an dornálaí Michael O'Reilly atá 23 bliain d'aois agus ar ball de chlub i bPort Laoise é, páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha i Rio go fóill ar aon chuma mar gheall ar thoradh na tástála. 

Tá cead ag Michael O'Reilly an dara tástáil a iarraidh, ach faoi na rialacha ní féidir leis páirt a ghlacadh in aon chomórtas go dtí go mbeidh toradh air.