skip to main content

Meastar go mbeidh suas le 3 mhíle milliún duine ag breathnú ar an searmanas ar an teilifís ar fud na cruinne

Searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar bun anocht
Searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar bun anocht

Beidh searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha Samhraidh ar bun i Rio de Janeiro níos deireanaí anocht.

Thart ar 11,000 lúthchleasaí a bheidh ag glacadh páirte sa searmanas sa staid agus beidh thart ar 50,000 lucht féachana i láthair chomh maith. 

Meastar go mbeidh suas le 3 mhíle milliún duine ag breathnú ar an searmanas ar an teilifís ar fud na cruinne.

Craolfar searmanas oscailte na gCluichí beo ar bhealach teilifíse RTÉ 2 ag 11.30 anocht.