Beidh cruinniú in Árainn inniu ag an gcoiste atá ag iarraidh an tseirbhís aeir chuig na hoileáin a chosaint.
Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios go bhfuil coicís bhreise tugtha ag an Oifig um Soláthar Rialtais do chomhlachtaí le tairiscint a dhéanamh ar an gconradh.
Dúirt urlabhraí ó choiste na n-oileánach go bhfuil siad ag éirí mí-fhoighdeach leis an bpróiseas ar fad agus nach bhfuil aon eolas á roinnt leo faoina bhfuil ag tarlú.
Inné tugadh le fios go bhfuil fad eile fós curtha leis an tréimhse le tairiscint a dhéanamh ar sheirbhís aeir a chur ar fáil d'Oileáin Árann.
Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios go bhfuil síneadh coicíse tugtha ag an Oifig um Sholáthar Rialtais do chomhlachtaí a bhfuil suim acu tairiscint a dhéanamh ar an gconradh.
Ba é inniu 5 Lúnasa, an spriocdháta a bhí leagtha síos roimhe seo. Is é an 19 Lúnasa an sprioclá nua. Seo an cúigiú huair anois a bhfuil fad curtha leis an tréimhse don tairiscint seo.
Thug an tAire Stáit Kyne le fios do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil idirbheartaíocht fós ar bun idir Roinn na Gaeltachta agus úinéir Aer Árann faoi leas a bhaint as Aerfort Chonamara sna Mine in Indreabhán. Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go dtiocfar ar réiteach.