Ghabh na Gardaí bean i gCiarraí agus amhras ann go raibh baint aici le robáil armtha ag oifig an phoist sa gCoireán sa gcontae sin níos túisce an tseachtain seo. Tá an bhean á ceistiú ag stáisiún na nGardaí i gCill Airne.
Gabhadh an bhean, atá amach sna 20aidí i gCill Airne ag thart ar a 5.30 tráthnóna inné.
Gabhadh beirt fhear go gairid tar éis na robála Dé Céadaoin. Fuarthas iad i gclós feirme sa gceantar. Tá na fir sin á gceistiú ag Gardaí i dTrá Lí agus i gCill Airne i gCiarraí maidir leis an robáil armtha a tharla ag oifig poist ar an gCoireán Dé Céadaoin.
Gortaíodh beirt bhleachtairí tar éis na robála. Buaileadh faoi charr na nGardaí roinnt uaireanta agus déanadh bagairt le gunna orthu.