skip to main content

Bhásaigh fear amháin i dtimpiste i gCo. Dhún na nGall agus bhásaigh beirt eile i dtimpistí éagsúla i gCo. an Dúin

Bhásaigh fear in Ospidéal Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall aréir tar éis timpiste bhóthair a tharla inné
Bhásaigh fear in Ospidéal Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall aréir tar éis timpiste bhóthair a tharla inné

Bhásaigh fear in Ospidéal Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall aréir tar éis timpiste bhóthair a tharla níos túisce inné.  Tharla an timpiste i Ráth Bhoth gar don bhaile Leifear go gairid roimh a 1 a chlog inné.

Bhuail carr ina raibh fear agus bean inti agus leoraí in aghaidh a chéile. Ina dhiaidh sin tugadh an bheirt chomh fada le hOspidéal Leitir Ceanainn chun go gcuirfí cóir leighis orthu.

Bhásaigh tiománaí an chairr aréir agus tá an bhean atá sna déaga fós san ospidéal.

Tuigtear go raibh an fear a bhásaigh 34 bliain d’aois. B'as Beál Feirste ó dhúchas don té sin. 

Tá sé ar an 6ú duine atá maraithe ar bhóithre Dhún na nGall le os cionn seachtaine.

Níor gortaíodh tiománaí an leoraí. 

Tá na Gardaí ag Stáisiún na nGardaí i Leitir Ceanainn i mbun fiosraithe agus teastaíonn uathu labhairt le duine ar bith a chonaic an méid a tharla inné. Tá siad ar fáil ar an uimhir 074-9167100 nó 1800 666 111. 

Agus i gCo. an Dúin bhásaigh bean sna 60aidí i dtimpiste in aice le Cromghlinn i gContae an Dúin ar maidin. 

Sa gcontae céanna bhásaigh gluaisrothaí i dtimpiste bhóthair i mBaile Nua na hArda.

50 bliain d’aois a bhí an té a bhásaigh.

Tharla an timpiste ag timpeallán ar bhóthar Comber ag thart ar a 11.40 aréir.

Dúirt Seirbhís Póilíneacha Thuaisceart Éireann nár dóigh leo go raibh aon fheithicil eile sa timpiste.

Tá iarrtha ag na póilíní ar aon nduine a chonaic an méid a tharla labhairt leis an PSNI. Dúnadh Bóthar Comber ar feadh seal thar oíche ach tá sé oscailte arís anois.