skip to main content

Roinnt daoine maraithe in ionsaí ar ionad siopadóireachta i Munich na Gearmáine

Ionsaí ar ionad siopadóireachta i Munich na Gearmáine
Ionsaí ar ionad siopadóireachta i Munich na Gearmáine

Deir Poilíní i Munich, na Gearmáine go bhfuil roinnt daoine maraithe agus go bhfuil tuilleadh gortaithe in eachtra lamhaigh a tharla in ionad siopadóireachta sa chathair sin tráthnóna.

Is in Ionad Siopadóireachta Olympic in Iar-thuaisceart na cathrach go gairid roimh 5 a chlog trathnóna a tharla an t-ionsaí. 

Tá an t-ionad anois timpeallaithe ag na Póilíní.

Creidtear go bhfuil níos mó ná fear gunna amháin i gceist. 

Tá feachtas slándála ollmhór ar bun sa chathair.