Tá cead tugtha do 5 theaglach atá ag cur futhu i lóistín éigeandála agus ar dúradh leo an áit a fhágaint roimh amárach, fanacht ann anois go dtí an 1ú do mhí Lúnasa.
Dúradh leis na teaghlaigh atá ag cur futhu in ostán Lynam's i lár chathair Bhleá Cliath go gcaithfidh siad an áit a fhágaint laistigh do sheachtain i ndiaidh gur cheap NAMA glacadóirí ar an áit.
Tá cead tugtha ag na daoine a ritheann Lynam's ar Shráid Uí Chonaill do na teaghlaigh fanacht sa lóistín mar deir na teaghlaigh nach bhfuil Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i ndiaidh lóistín eile atá oiriúnach a thairiscint dóibh.
Tá sé seo séanta ag Comairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus deir siad go bhfuil siad ag leanúint orthu ag obair leis na teaghlaigh.
Déanfar cinneadh faoi thodhchaí an ostáin sa chúirt Dé Máirt.