Tá foláireamh tugtha do dhaoine ar baineadh mí-usáid astu i scoileanna a gcuid cásanna dlí a tharraingt siar nó beidh costas ollmhór orthu a deirtear.
Tugadh an foláireamh seo i litir a tháinig ó dhlíodóirí de chuid na Roinne Oideachais.
Déantar tagairt sa litir do chás Louise O' Keefe.
Rialaigh an Chúirt Eorpach arú anuraidh go raibh an Stát freagrach as mí-úsáid a déanadh ar Louise O'Keefe agus í ar scoil.
Deirtear nach mbeadh tionchar ag breithiúnas a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir le dliteanas Stáit i gcás Louise O' Keefe ar chásanna eile atá os comhair na cúirte faoi láthair.
Inniu dúirt Louise O' Keefe go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh imeaglú a dhéanamh ar dhaoine gur baineadh mí-úsáid astu agus iad ag freastal ar scoil nuair a bhí siad óg.
Dúirt sí le RTÉ inniu go bhfuil an Stát ag iarraidh imeaglú a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil cásanna á dtógaint acu ina choinne.
Deir Louise O'Keefe gur theip ar an Stát leanaí a chosaint.