skip to main content

Rialaíonn an Ard-Chúirt gur cheart go mbeadh cead ag Iar-bhreitheamh cleachtadh mar abhcóide gan srian.

Saraíonn cosc cearta iar-bhreitheamh slí-bheatha a bhaint amach
Saraíonn cosc cearta iar-bhreitheamh slí-bheatha a bhaint amach

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu gur cheart go mbeadh cead ag Breitheamh atá eirithe as dul i mbun oibre mar abhcóide gan aon srian.

Bhí Barry White ina bhreitheamh sa Phríomh Chúirt Choiriúil agus diúltaíodh dá iarratas a bheith ar an bPainéal Cúnamh Dlí Coiriúlachta mar go bhfuil traidisiún ann nach féidir le breithimh atá éirithe as dul i mbun oibre mar abhcóide ach i gcúirt níos airde ná mar a bhíodar féin ina mbreithimh iontu.

Rialaigh an Ard-Chúirt inniu nach raibh aon bhunús sa dlí leis an dtraidisiún.