Tá cúnamh dlí ceadaithe ag an gCúirt Achomhairc do Joe O' Reilly chun dul sa tóir ar achomhairc na Cúirte Uachtaraí, bliain i ndiaidh don gcúirt achomhairc a iarracht ar iomrall ceartais a dhíbheadh ar an mbonn gur mí-úsáid próise a bhí ann.
I Mí Iúil 2007, Fuarthas Joe O' Reilly ciontach sa Phríomhchúirt Choiriúil i ndúnmarú a mhná céile Rachel ag a teach san Aill, i gContae Bhaile Átha Cliath ar an 4ú Deireadh Fómhair 2004 agus gearradh príosún saoil air.
Tháinig máthair Rachel O' Reilly ar chorp a hiníne agus í buailte go dona i seomra leapa ina teach.
Sula cúisíodh Joe O' Reilly, bhí sé ina aoí ag caint faoi bhás Rachel ar an gclár The Late Late Show ar RTÉ.
Chaill Joe O' Reilly achomhairc i gcoinne a chiontaithe agus anuraidh, chinn an Chúirt Achomhairc gur mí-úsáid próise a bhí san iarratas a rinne sé chun go bhfógrófaí gur iomrall ceartais a bhí ina chiontú.
Ní raibh Joe O 'Reilly sa chúirt inniu.