skip to main content

Glactha ag Trump le hainmniúchán Uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh

Glactha ag Trump le hainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh
Glactha ag Trump le hainmniúchán an Pháirtí Phoblachtánaigh

Tá glactha ag Donald Trump le hainmniúchán Uachtaránachta an Pháirtí Phoblachtánaigh.

Thug sé oráid phaiseanta uaidh go dtí os cionn 10,000 dá lucht leanta i Cleveland aréir. 

Bhí na milliún ag faire ar an oráid ar an dteilifís.

Le linn a oráide, dúirt Donald Trump arís eile go mbeadh sé i gceist aige balla a thógaint ag teorainn theas Mheiriceá chun stop a chur le himircigh ag teacht isteach agus le gáinneáil ar dhrugaí.

Gheall sé go gcuirfeadh sé na Stáit Aontaithe chun tosaigh agus go mbeadh sé dian ar choiriúlacht agus ar imiricigh atá ag teacht isteach sa tír go mídhleathach.

Chuir sé i leith Hilary Clinton gur oidhreacht scriosta agus oidhreacht an bháis, na laige, agus na sceimhlitheoireachta atá faghta ina diaidh mar Státrúnaí Mheiriceá.