Bhuail Comhairle na Breataine- na hÉireann le chéile sa Bhreatain Bheag inniu chun cinneadh na Breataine an tAontas Eorpach a fhágaint a phlé.
Bhí ceannairí ón Ríocht Aontaithe, ón dtír seo agus iondaithe ó na hOileáin Mhuir nIocht agus ó Oileán Mhanann i láthair ag an gcruinniú.
Inniu dúirt an Taoiseach ag an gcruinniú speisialta go gcaithfear an comhlimistéar taistil a chosaint idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe san idirbheartaíocht a bheidh ann maidir leis an mBreatain ag fágaint an Aontais.
Dúirt an Taoiseach arís eile inniu nach mbeidh 'teorainn chruaidh' ar an oileán seo i bhfianaise chinneadh na Breataine an tAontas Eorpach a fhágaint.
I ndiaidh an chruinnithe dúirt Céad-Aire na hAlban, Nicola Sturgeon gur cainteanna bríomhar a bhí ann inniu.
Seo an chéad uair go raibh deis ag ceannairí, cuid acu a raibh tuairimí difriúla acu maidir le Brexit, impleachtaí chinneadh na Breataine an tAontas Eorpach a fhágaint, a phlé.
Bunaíodh an Comhairle na Breataine- na hÉireann faoi théarmaí chomhaontú Aoine an Chéasta.